Aleksandr Solzhenitsyn

Úrscéalaí, scríbhneoir drámaí agus staraí Rúiseach ab ea Aleksandr Isayevich Solzhenitsyn (Rúisis: Алекса́ндр Иса́евич Солжени́цын, traslitriú scolártha: ''Aleksandr Isaevič Solženicyn'').

Ba eisean ba mhó a tharraing súil an tsaoil mhóir ar "oileánra na gcampaí géibhinn" san Aontas Sóivéadach. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1970. Díbríodh as a thír dhúchais é ar chúiseanna polaitiúla, ceithre bliana ina dhiaidh sin. Chuir sé faoi i Vermont sna Stáit Aontaithe, ach nuair a tháinig deireadh leis an gCumannachas sa Rúis, d'fhill sé abhaile.

Fuair sé bás i Moscó ar an 3 Lúnasa 2008. Curtha ar fáil ag Wikipedia
Đang hiển thị 1 - 1 kết quả của 1 cho tìm kiếm 'Aleksandr Isaevich Solzhenitsyn', am an iarratais: 0.06s Tinh chỉnh kết quả
1
Thư viện lưu trữ: Trung tâm Học liệu Trường Đại học Cần Thơ