Jacques Godbout

Scríbhneoir é Jacques Godbout a rugadh i Québec, Ceanada ar 27 Samhain, 1933.

Ghnóthaigh sé céim mháistir san Université de Montréal sa bhliain 1954 le tráchtas faoi Arthur Rimbaud, agus ceapadh é ina léachtóir fealsúnachta agus Fraincise in Ollscoil Addis Ababa na hAetóipe.

D’fhill sé ar Cheanada i 1957 agus bhí sé ag obair mar scríbhneoir scripte le Bord Scannán Cheanada ó 1958–1960, ina stiúrthóir Fraincise (1970) agus ina léiritheoir agus ina eagarthóir. Bhí a ghairm mar fhile, úrscéalaí, fear aistí, drámadóir agus iriseoir á chur chun cinn aige an am céanna. clé|mion Bhunaigh sé an reiviú ''Liberté'' i 1958. Foilsíodh trí leabhar filíochta dá chuid: ''Carton-pâte'' (1956), ''Les Pavés secs'' (1958) agus ''C’est la chaude loi des hommes'' (1960). Bronnadh an duais Prix Dupau ón Académie française air ar son a chéad úrscéil, ''L’aquarium'' (1962), agus an Governor General’s Literary Award i 1973 ar son ''Salut Galarneau!'' (1967).

I measc na leabhar eile a scríobh sé tá ''L’isle au dragon'' (1976), ''Les Têtes à Papineau'' (1981), agus ''Une Histoire américaine'' (1986) faoi chultúr Mheiriceá agus an Fhraincis i Meiriceá Thuaidh tar éis reifreann 1980. Foilsíodh ''Le Temps des Galarneau'' (1993) agus ''Opération Rimbaud'' i 1999. Ag an am céanna bhí scannáin ficsin agus faisnéise á ndéanamh aige, ina measc ''Kid Sentiment'' (1968), ''IXE-13'' (1971), ''Deux épisodes de la vie d'Hubert Aquin'' (1979), ''Comme en Californie'' (1983), ''Alias Will James'' (1988), ''Le Sort de l'Amérique'' (1996) agus ''Anne Hébert'' (2000).

Ghnóthaigh sé an Prix Duvernay, an prix Belgique-Canada agus Eurofipa onórach i 1997 ar son a chuid scannánaíochta. Bhí sé ina stiúrthóir agus ina bhunaitheoir ar ''L’Actualité'' agus bhunaigh sé Cumann Scríbhneoirí Québec (UNEQ) (1977–1978). Tá sé ina fhoilsitheoir agus ar bhord stiúrtha Éditions du Boréal ón mbliain 1987 i leith.

Mar iriseoir, bhí ábhar dá chuid i gcló sna hirisí seo leanas: ''Les Nouvelles Littéraires'', ''Maclean's'', ''Lettres françaises'', ''L'Actualité'', ''Le Jour'', ''Cité libre'', ''Parti pris'', ''Vie des arts'' agus ''Le Devoir''. Bhí sé ar bhunaitheoirí an ghluaiseacht Fhéinrialtais Mouvement Souveraineté-Association as ar tháinig an Parti québecois ina dhiaidh sin. Rinneadh clasaic de chuid litríocht Québec de ''Salut Galarneau!'' go mear tar éis a fhoilsithe, mar gheall ar a ghreann agus a léargas géar ar scitsifréine lucht Fraincise Cheanada, a bhí ag maireachtáil ar nós na Meiriceánach, ach a dteanga agus a gcultúr féin acu i gcónaí. Tá cónaí air i Montréal. Curtha ar fáil ag Wikipedia
Đang hiển thị 1 - 1 kết quả của 1 cho tìm kiếm 'Godbout, Jacques 1933-', am an iarratais: 0.04s Tinh chỉnh kết quả
1
le Godbout, Jacques 1933-
Foilsithe 1981
Thư viện lưu trữ: Trung tâm Học liệu Lê Vũ Hùng, Trường Đại học Đồng Tháp