Charles Babbage

Matamaiticeoir, fealsamh, innealtóir meicniúil agus ceannródaí ríomheolaíochta a saolaíodh i Walworth, Londain, ab ea Charles Babbage (26 Nollaig 179118 Deireadh Fómhair 1871).

Rinne sé taighde ar theoiric na logartam. Tá aithne air mar cheann de cheannródaithe agus de bhunaitheoirí na ríomheolaíochta. clé|mion|266x266px|inchinn Babbage ... leath di i bpróca sa Mhúsaem Eolaíochta i Londain. Thóg Babbage leagan beag dá dhearadh le haghaidh inneall difríochta - réamhtheachtaire an ríomhaire - agus cheap sé córas cláraithe chuige sna 1820idí. Fuair sé airgead ó rialtas na Breataine ó 1823 chun a thaighde a thabhairt chun cinn ach níor éirigh leis inneall iomlán a chur le chéile agus d'éirigh an rialtas as an tionscadal a mhaoiniú sa bhliain 1842. Faoin am sin bhí Babbage ag díriú isteach ar inneall anailíseach a chruthú a chuirfeadh an t-inneall difríochta as feidhm. Bhí go leor suimeanna eile aige le linn a shaoil agus bhí aithne air i saol sóisialta Londain mar gheall ar a leagan féin den soirée eolaíochta a reachtáladh, smaoineamh a thóg sé isteach ón Fhrainc.

Bhuail cliseadh duánach é, agus fuair sé bás ar 18 Deireadh Fómhair 1871 in aois 79 dó. Cuireadh leath dá inchinn ar taispeáint i gColáiste Ríoga na Máinlianna i Londain agus tá an leath eile di fós le feiceáil sa Mhúsaem Eolaíochta i Londain.

mion|177x177px|An ''"Difference Engine #2"'', i músaem i Londain.|clé Sa bhliain 1991, thóg an Músaem Eolaíochta i Londain "Inneall Difríochta Uimhir 2", leagan lánscála dá mheaisín ríomhaithe de réir na mbundearthaí ó 1847. Taispeánadh go n-oibreodh meaisín bunaithe ar phleananna Bhabbage dá dtógfaí é sa 19ú haois. Curtha ar fáil ag Wikipedia
Đang hiển thị 1 - 2 kết quả của 2 cho tìm kiếm 'Babbage, Charles', am an iarratais: 0.03s Tinh chỉnh kết quả
1
le Babbage, Charles
Foilsithe 1989
Thư viện lưu trữ: Trung tâm Học liệu Trường Đại học Cần Thơ
2
le Babbage, Charles
Foilsithe 1851
Thư viện lưu trữ: Trung tâm Học liệu Trường Đại học Cần Thơ