Jacob Burckhardt

Ba staraí Eilvéiseach é Carl Jacob Christoph Burckhardt, a rugadh ar an 25 mí an Mhárta 1818 i mBasel san Eilvéis. Tá cáil idirnáisiúnta aige mar staraí ealaíne agus cultúrtha.

Bhí Burckhardt ar dhuine de scoláirí móra agus ba thábhachtaí sa naoú haois déag i stair chultúrtha agus stair na n-ealaíon, go háirithe ó ré na hAthbheochana idir na Meánaoiseanna agus an Ré Nua-aoiseach san Iodáil. Bhí sé ina ollamh ar ollscoileanna éagsúla ar feadh a shaoil sa Ghearmáin agus san Eilvéis, m.sh. ar Ollscoil Basel. Tá go leor leabhar scríofa aige freisin, ina measc an dá leabhar seo atá an-cháiliúl: ''Die Kultur der Renaissance in Italien'', foilsithe sa bhliain 1860 agus ''Die Geschichte der Renaissance in Italien'', foilsithe sa bhliain 1867.

Chaith Jacob Burckhardt na blianta deireannacha a shaoil i mBasel agus fuair sé bás san áit chéanna ar an 8 Bealtaine 1897. Curtha ar fáil ag Wikipedia
Đang hiển thị 1 - 2 kết quả của 2 cho tìm kiếm 'Burckhardt, Jacob', am an iarratais: 0.07s Tinh chỉnh kết quả
1
Thư viện lưu trữ: Trung tâm Học liệu Trường Đại học Cần Thơ
2
le Burckhardt, Jacob
Foilsithe 1943
Thư viện lưu trữ: Trung tâm Học liệu Trường Đại học Cần Thơ