Patrick Modiano

Scríbhneoir Francach is ea Patrick Modiano (r. 1945). Do rugadh é ar an 30ú lá de mhí Iúil i mBoulogne-Billancourt, buirg atá suite in Île-de-France. Tá breis is 30 úrscéal scríofa aige agus go leor duaiseanna bronnta orthu, an ''Grand prix du roman de l'Académie française'' (1972) agus an ''Prix Goncourt'' (1978) ina measc.

Tá cosúlachtaí idir shaothar Mhodiano agus dírfhicsean - nó ''autofiction'', mar a thugtar air i bhFraincis -, de bharr tóir na hóige caillte a bhíonn mar leitmóitíf ag Modiano. Saintréithe dá shaothair is ea inní an duine féin, atarlú agus caolchúis, agus pléann an chuid is mó dá shaothair le Páras na Forghabhála. Déanann an t-údar iarracht beatha an gnáthdhaoine a léiriú, iad siúd a bhfuil sé orthu dul i ngleic le tubaiste na staire agus a bhíonn á n-iompar ar shlí gur deacair í a thuiscint ná ciall éigin a fheiscint léi.

mion|clé|Patrick Modiano (r. 1945) ag preasocáid [[Acadamh na Sualainne|Acadaimh na Sualainne i gcathair Stócólm na Sualainne ar an 6ú lá de mhí na Nollag 2014.]]

Ba sa bhliain 2014 a moladh Duais Nobel na Litríochta do Mhodiano mar aitheantas ar a chuid scríbhneoireachta agus ar "bhua na cuimhne" atá aige, bua as a mbaineann sé úsáid, dar le hAcadamh na Sualainne, chun "na beathaí is díomuaine agus saol na Forghabhála a chur in iúl dúinn". Ba é Modiano an cúigiú scríbhneoir Francach déag ar moladh Duais Nobel na Litríochta dó. Curtha ar fáil ag Wikipedia
Đang hiển thị 1 - 4 kết quả của 4 cho tìm kiếm 'Modiano, Patrick', am an iarratais: 0.03s Tinh chỉnh kết quả
1
le Modiano, Patrick
Foilsithe 2014
Thư viện lưu trữ: Trung tâm Học liệu Trường Đại học Thủ Dầu Một
Faigh an téacs iomlán
2
le Modiano, Patrick
Foilsithe 2015
Thư viện lưu trữ: Trung tâm Học liệu Trường Đại học Thủ Dầu Một
Faigh an téacs iomlán
3
le Modiano, Patrick
Foilsithe 2016
Thư viện lưu trữ: Trung tâm Học liệu Trường Đại học Thủ Dầu Một
Faigh an téacs iomlán
4
le Modiano, Patrick
Foilsithe 2017
Thư viện lưu trữ: Trung tâm Học liệu Trường Đại học Thủ Dầu Một
Faigh an téacs iomlán