Alberto Moravia
Duine de phríomhscríbhneoirí na hIodáile sa bhfichiú céad ab ea Alberto Moravia (ainm cleite de chuid Alberto Pincherle (1907-1990). Rugadh sa Róimh, chaith sé blianta dá óige i sanatóir, ionfhabhtaithe le heitinn scamhóige. Sna fichidí is na tríochaidí bhí sé faoi dhrámh rialtas Faisisteach Mussolini agus thaistil taobh amuigh den Iodáil agus chónaigh sna Stáit Aontaithe ar feadh scathaimh. Ina chéad úrscéal, ''Gli indifferenti'' (Na Fuaránaigh, 1929), a bhí an-rathúil, tugann sé tuairisc neamhbhreithiúnasach, ach thar a bheith éifeachtach, ar shochaí meata buirgeoiseach na Róimhe, an fhuarchúis, agus an glacadh le morgthacht a bhí de réir tréithe an ama sin. Ina chéad úrscéal eile, ''La romana'' (An Bhean Rómhánach, 1947), pléann sé fadhbanna an lucht oibre, arís ina stíl oibiachtúil ach faobhrach. Ina úrscéal, ''L’amore coniugale'' (An Grá Pósta, 1949), díríonn sé a dhearcadh micreascópach ar an ngné seo den saol meánaicmeach san Iodáil. Ansin ina úrscéal, ''Raconti romani'' (Scéalta Rómhánacha, 1954), díríonn sé ar mhorgthacht na meánaicme íochtaraí. Leabhair shuntasacha eile uaidh ab ea ''L’attenzione'' (An Rabhaidh, 1965), ''La vita interiore'' (An Bheatha Inmheánach, 1978), agus ''L’uomo che guarda'' (An Fear a Fhaireann, 1985). Curtha ar fáil ag Wikipedia
1
le Moravia, Alberto
Foilsithe 2015
Foilsithe 2015
Thư viện lưu trữ:
Trung tâm Học liệu Trường Đại học Thủ Dầu Một
Faigh an téacs iomlán
2
3
le Moravia, Alberto
Foilsithe 2017
Foilsithe 2017
Thư viện lưu trữ:
Trung tâm Thư viện - Trường Đại học Công nghiệp TP. Hồ Chí Minh