Mortimer Wheeler

Seandálaí Albanach ab ea Sir Robert Eric Mortimer Wheeler (10/9/1890-22/7/1976); eisean a cheap an saghas tochailte a thugtar an "Kenyon-Wheeler method" air (bhain an seandálaí Kathleen Kenyon tairbhe as sna caogaidí). Rinne sé staidéar in Ollscoil Londan; ceapadh é mar stiúrthóir Iarsmalann Náisiúnta na Breataine Bige sa bhliain 1920 agus ba é caomhnóir Iarsmalann Londan é ó 1926 go 1944.

Rinne sé mórán tochailte sa Bhreatain; sa bhliain 1944 ceapadh é mar Ard-Stiúrthóir na Seandálaíochta san India agus rinne tochailt i láithreáin i ngleann an Indiaigh; eisean a tháinig ar láithreáin Mohenjo-daro agus Harappa (1921). D'fhill sé abhaile sa bhliain 1948 agus rinneadh ollamh de in Institiúid nua na Seandálaíochta. Bhí iomrá leis de bharr a chuid leabhar agus a ndearna sé de chraoladh ar an raidió agus ar an teilifís, rud a léirigh scéal an ama a chuaigh thart do phobal mór. Rinneadh ridire de sa bhliain 1952. Sna tríochaidí, nuair a bhí sé ag iniúchadh Maiden Castle, daingean ársa atá i ngar do Dorchester, bhain sé leas as bolscaireacht faoi fhiúntas na seandálaíochta chun mna áitiúla agus mic léinn a mhealladh chun dul ag obair dó saor in aisce. Ba dheas an tseift í: ní raibh le déanamh ag an seandálaí ach an gnó a stiúradh, agus is iomaí duine a bhain tairbhe as an gcleas ó shin. Curtha ar fáil ag Wikipedia
Đang hiển thị 1 - 3 kết quả của 3 cho tìm kiếm 'Mortimer Wheeler', am an iarratais: 0.46s Tinh chỉnh kết quả
1
le Mortimer Wheeler
Foilsithe 1965
Thư viện lưu trữ: Trung tâm Học liệu Trường Đại học Cần Thơ
2
le Khan, Ahmad Nabi
Foilsithe 2003
Údair Eile: ...Ahmad Nabi Khan; R.E. Mortimer Wheeler...
Thư viện lưu trữ: Trung tâm Học liệu Trường Đại học Trà Vinh
3
le Ahmad Nabi Khan
Foilsithe 2003
Údair Eile: ...Ahmad Nabi Khan; foreword by R. E. Mortimer Wheeler...
Thư viện lưu trữ: Trung tâm Học liệu Trường Đại học Trà Vinh