Andrea Palladio

Ailtire a rugadh i bPadua na hIodáile ab ea Andrea PalladioAndrea di Pietro della Gondola (30 Samhain 150819 Lúnasa 1580), an t-ailtire is ceannasaí i stair an iarthair. Oileadh ar dtús é mar shaor cloiche. Chaith sé roinnt blianta sa Róimh ag déanamh staidéir is ag líniú na seanfhothrach. Rinne sé a chéad tionscnamh ailtireachta i Vicenza nuair a d'atóg an seanhalla tionóil is margaidh ansin ina fhoirgneamh taibhseach poiblí a dtugtar ''an Bhaisleac'' air. Thóg sé tithe móra is paláis baile d'uaisle na cathrach sin, ina measc an Villa Rotonda, an Villa Foscari, an Villa Emo, is an Villa Poiana. Bhain sé úsáid as colúnáidí le colúin chlasaiceacha, áiléir oscailte, cruinneacháin, áirsí, peidiméidí is na hairíonna go léir a chonaic sé i bhfothraigh na Róimhe, ach cumtha go siméadrach maorga álainn. D'fhoilsigh sé ''I quattro libri dell'architettura'' (Ceithre Leabhar na hAiltireachta, 1570) le cur síos go cuimsitheach ar a stíl Phallaidiach, monagraf bunaidh na hailtireachta nua-aoisí. Tinfeadh d'ailtirí ó shin i leith.

mion|Dhear Andrea Palladio an Palazzo Chiericati. Curtha ar fáil ag Wikipedia
Đang hiển thị 1 - 2 kết quả của 2 cho tìm kiếm 'Palladio, Andrea.', am an iarratais: 0.06s Tinh chỉnh kết quả
1
le Palladio, Andrea
Foilsithe 2012
Thư viện lưu trữ: Thư viện Trường Đại học Nam Cần Thơ
2
le Palladio, Andrea.
Foilsithe 1999
Thư viện lưu trữ: Mạng thư viện Đại học Đà Nẵng